

The Sexual Liberation Movement – The first known LGBTQ+ group in Dublin – is established in Trinity College in October 1973. The following year, in June 1974, they organise the first public LGBTQ+ demonstration on the island of Ireland. It is considered to be Ireland’s first Pride event.
Bunaítear Gluaiseacht na Saoirse Gnéis – an chéad ghrúpa LADTA+ i mBaile Átha Cliath – i gColáiste na Tríonóide i mí Dheireadh Fómhair 1973. An bhliain dár gcionn, i mí an Mheithimh 1974, eagraíonn siad an chéad léiriú poiblí LADTA+ ar oileán na hÉireann. Meastar gurb é an chéad imeacht Bhróid in Éirinn é.

In July 1974, the Irish Gay Rights Movement (IGRM) is launched in Dublin. The same year, phone support services are established in Belfast (Cara Friend) and Dublin (Tel-A-Friend, now Switchboard). In 1975 the IGRM opens Dublin’s first LGBTQ+ community space, The Phoenix Centre on Parnell Square. A Cork branch of the IGRM is opened the same year.
I mí Iúil 1974, seolfar Gluaiseacht Cearta Aeracha na hÉireann (IGRM) i mBaile Átha Cliath. An bhliain chéanna, bunaítear seirbhísí tacaíochta gutháin i mBéal Feirste (Cara Friend) agus i mBaile Átha Cliath (Tel-A-Friend, anois Switchboard). I 1975 osclaítear an chéad spás pobail LADTA+ i mBaile Átha Cliath, Ionad an Fhionnuisce ar Chearnóg Parnell. Osclaítear craobh CHorcaí den IGRM an bhliain chéanna.

The Campaign for Homosexual Law Reform is established to fight for the decriminalisation of homosexuality in the Republic of Ireland and Northern Ireland in 1977. Members included David Norris, who would later become the first openly LGBTQ+ person in Ireland elected to public office, and two future Presidents of Ireland, Mary McAleese and Mary Robinson.
Bunaítear an Feachtas um Athchóiriú an Dlí Homaighnéasach chun troid ar son díchoiriúnú na homaighnéasachta i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann i 1977. I measc na gcomhaltaí tá David Norris, a bheadh ar an gcéad duine follasach de chuid LADTA+ in Éirinn a toghadh d’oifig phoibl. Ina theannta tá Mary McAleese agus Mary Robinson, beirt a bhí mar Uachtaráin ar Éirinn níos déanaí.

The Friends of Eon, the first known trans group in the Republic of Ireland, was formed in Dublin, in 1978. It was founded by two trans women, Claire Farrell and Lola, who arranged regular events in The Parliament Inn on Parliament Street.
Bunaítear Cairde Eon, an chéad ghrúpa trasinscne aitheanta i bPoblacht na hÉireann, i mBaile Átha Cliath i 1978. Bunaíonn beirt bhan thrasinscneach, Claire Farrell agus Lola, a d’eagraigh imeachtaí rialta in Óstán na Parlaiminte ar Shráid na Parlaiminte.

In 1978 the first all-Ireland Lesbian Conference is held in Trinity College. Later that year Liberation for Irish Lesbians is established. In 1979 The Dublin Lesbian Line is established.
I 1978 tionóltar an chéad Chomhdháil Leispiach uile-Éireann i gColáiste na Tríonóide. Níos déanaí sa bhliain bunaítear Fuascailt do Leispiaigh na hÉireann. I 1979, bunaítear Líne Leispiach Bhaile Átha Cliath.

In 1979, the National Gay Federation (now National LGBT Federation) was established. It opened the Hirschfeld Centre on Fownes Street in Temple Bar on March 17th that year. It was Irelands first comprehensive LGBTQ+ community centre, and one of the earliest of its kind in the world. It was destroyed by a fire on November 4th , 1987.
I 1979, bunaítear an Chónaidhm Aerach Náisiúnta (anois Cónaidhm Náisiúnta
LGBT). Osclaíonn siad Ionad Hirschfeld ar Shráid Fownes i mBarra an Teampaill ar
17 Márta an bhliain sin. Ba é seo an chéad ionad pobail cuimsitheach de chuid
LADTA+in Éirinn é, agus tá sé ar cheann de na hionaid ba luaithe ar domhan.
Scriosann tine é ar an 4ú Samhain, 1987.

In June 1979 The National LGBT Federation organise Dublin’s first Pride Week. Main events included a leaflet drop by a dozen activists, a release of 2,000 pink balloons, a picnic in the Phoenix Park and a pub ‘zap’.
I Meitheamh 1979 eagraíonn an Cónaidhm Náisiúnta LADT an chéad Seachtain Bhróid i mBaile Átha Cliath. I measc na bpríomhimeachtaí, tá scaipeadh bileog ag dáréag gníomhaí, scaoiltear 2,000 balúin bándearga, tá cóisir faoin aer i bPáirc an Fhionnuisce agus ‘zap’ i dteach tábhairne.
